School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an Feardhomhán an ceann i gcuideachta na ceathramhna. Chuir seo an-iongantas ar Fhionn agus d’iarr sé ar Léichín a mhac a leigint leisean go cionn seacht mbliadhan acht ní scarfadh Léichín leis. Annsin thug Fionn gealltanas go leigfidhe aráis é agus ar an ghealltanas seo leig Léichín leis na Fiannaibh é. Nuair a bhí sé ag dul siar an Gleann Mór ag Molaidh na Muice tháinig muc agus ál banbhán amach rompa agus mharbhuigh siad go léir iad acht banbhán amháin agus bhain Conár barr an rubaill dithe sin. Annsin d’imthigh siad leobhtha ag tarrainbt ar Chonnacht.
Nuair a chaith an Feardhomhán seacht mbliadhna ins na Fiannaibh tháinig cúhaidh air agus ba mhaith leis a athair a fheiceáil acht d’iarr Fionn air fanacht seacht mbliadhna eile acht ní rabh gar a bheith leis chaithfeadh sé imtheacht. D’iarr Fionn air gan a dhul Bealach na Muice ar sgor ar bith nó dá dtéidheadh go n-íocfadh sé an píóbaire. Acht bhí buaidh ar an Fheardhomhán rud ar bith a chrosfaidhe air sin an ud a chaithfeadh seisean a dhéanamh. Bhí trí chú dá chuid féin aige An Ghrafach, An Márach agus an Luinseach. Thug sé leis iad agus d’imthigh(continues on next page)- Collector
- Róis Éilís Ní Chába
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Informant
- Bríghid Nic Daibhid
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal