School: An Ghrafaidh (Graffy) (roll number 10130)
- Location:
- An Ghrafaidh, Co. Donegal
- Teacher: Proinnsias Ua Braonáin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 471
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá do na laetha agus uair de na h-uaire da rabh na Fianna i n-Éirinn tháinig siad a sheilg go Gleann Fada na Sealg. Tháinig an oidhche ortha ag Loch Finne agus thionntuigh siad síos bealach Ghleann Leichín. Chonnaic siad solas agus tharraing siad air. Bhí teach beag fód annseo agus fear darbh ainm Leichín a mhac Feardhomhán agus a inghean Finngheal ‘na gcomhnuidhe annseo. Chuir siad fáilte mhór roimhe na Fianna acht ní rabh biadh ar bith le tabhairt dobhtha acht dubhairt Leichín go gcuirfeadh sé a mhac leobhtha ag éirghe gréine fhad leis an áit a rabh tarbh fiadhain. Ag bodharanacht an lae d’imthigh na Fianna agus an Feardhomhán ar lorg an tairbh. Tháinig siad fhad le carraic mhór sa deireadh agus d’aithin siad go rabh an tarbh comhgrach nó mhothuigh siad é ag buairfidh. Leig an Feardhomhán fead-ghlaic agus tháinig an tarbh ag rachaidh. Nuair a chonnaic Goll seo chuaidh sé i bhfolach acht ní dheachnidh an Feardhomhán nó bhí sé na shaighdiúr mhaith. Léim sé ar dhroim an tairbh agus leag sé é. Annsin tháinig Goll a chuideadh agus idir an bheirt aca mharbhuigh siad é. D’fheann siad annsin é agus d’iomchar(continues on next page)
- Collector
- Róis Éilís Ní Chába
- Gender
- Female
- Age
- 16
- Informant
- Bríghid Nic Daibhid
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Address
- Mín na Manrach, Co. Donegal