Tighthe na sean-aimsire
Pádraig Mac Giobúin
Níl an-rud athrughadh ar morán de na toighthibh thart annseo go fóill. Ní maith leis na daoine briseadh ar shiubhal ó dhóigheannaibh a sinnsear. Tighthe ísle cionn tuigheadh atá ann agus scraithe faoin tuighe. Níl cláraí ar bith ag cumhdughadh seo ach go minic cumhduighthear le málaí é. Tá na scraithí 'na luighe ar mhullach creathaibh giúise agus an tuighe ar mhullach sin .
Go mimic sa t-sean aimsear chuirfidhe fraoch mar thuighe ar an teach agus luathair fosta. Ta neart seo le fághail san áit.
Tá gnás na sean aimsire anseo go fóill- an leabaidh
(continues on next page)