Amras ó Caoimhghín Padraig Mac GiobúinUllmhuigheann na daoine iad féin an talamh i gcóir na bpréataí. Tionntuightear an talamh ar dtús le spad no le céachta. Annsin déantar réidh na h-iomairí no na drilleannaí agus cuirtear soitheach ortha. Fágtar síos na scoillteáin síol i róghannaí annsin agus cumhdaightear iad le crefóg. Seo an dóigh is gáiste ach tá doigh eile. Deántar réidh na h-iomairí agus tig na mná agus paisdí , duine amháin ag leagaint na scoilltáin, agus an bunadh eile le spad beag baoideach aca le poll a dheánamh agus gach scoilteán a chur ann agus a chumhdughadh.'Ciobáil' a bheirtear ar an obair seo. Go minic thig na comharsánaí le chéile le cuidiú. 'Meitheal an t-ainm a bheirtear ar
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »