School: Na Cruacha (roll number 14879)

Location:
Croaghgorm or Blue Stack Mountains, Co. Donegal
Teacher:
Máire C. Ní Chinnéide

Filter stories

Back
/ 467 Forward
Resolution: Low | High
Luibheanna

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 401

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Pages nos. 301 to 400 do not exist.

Luibheanna
Capógach
Fásann an plannda seo ar talamh maith cruaidh agus thart fa toighe. Tá siad an-doiligh a dhibirt agus níl morán meas ortha cionnus go milleann siad planndaí eile agus milleann siad cuma na h-áite. Tá préumhacha ortha comh reamhar le crann óg agus duilleogaí mora glasa.
Má bhruithtear na preumhacha agus ma oltar an súgh tá leigheas an fa choinne casadach.
Ma chuirtear ar ghath cúl fathaigh na duilleóga tá leigheas ionnta. Tá leigheas ins na duilleogaí fosta fa choinne loit no creach.
Bláth Muc
Se bláth beag gorm agus bun geal bán air. Tá seo maith le bruith fa choinne casadach. Fásann sé ar talamh bog gainimheach.
An bachalan buidhe
Fásann seo ar talamh bog. Tig blathannaí buidhe air agus fásann sé mór. Tá nimh ins na

(continues on next page)
Collector
Máire C. Ní Chinnéide
Gender
female
Address
Kilrean, Co. Donegal
Informant
Padraig Mac Giobúin
Gender
male
Age
73
Address
Dergroagh, Co. Donegal
Language
Irish