School: Na Cruacha (roll number 14879)

Location:
Croaghgorm or Blue Stack Mountains, Co. Donegal
Teacher:
Máire C. Ní Chinnéide

Filter stories

Back
/ 467 Forward
Resolution: Low | High
Rudaí fe leith go mBíonn Meas Orthu

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 297

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Rudaí fe leith go mbíonn Meas Ortha.

Cros Bríghde
Gnídhthear an cros as luathair oidhche Fhéil Bríghde . Baintear an luathair go luath tráthnóna agus fágtar taobh amuigh de'n teach. Indiaidh na hoidhche teigheann duine amach, ma bhíonn 'Brighid' sa teach teidheann sise amach, agus bheirfidh sí leis an luathair, rachfaidh sé thart trí h-uaire fan teach agus ag an doras dearfaidh sí " Gabhaigidh ar mbur nglúnaibh, fosglagaidh mbur súile agus leig isteach Brighid" Deirfidh an bunadh istoigh annsin " se beatha, se beatha, se beatha na mná uasal" Tig Brighid isteach annsin agus toisighthear ar na croiseanna. Deántar iad in onóir Bhrighde. Tá leigheas ins an cros seo a dheántar as luathair. Da mbéadh bó tinn is coir ceann aca a dóigheadh faoi na soc. Tá leigheas do thinneas cinn i sifín amháin de'n luathair seo, í a chur ar do cheann agus a

(continues on next page)
Collector
Máire C. Ní Chinnéide
Gender
female
Address
Kilrean, Co. Donegal
Informant
Pádraig Mac Giobúin
Gender
male
Age
73
Address
Dergroagh, Co. Donegal
Language
Irish