Páidreacha
1.Ag coigilt na teineadh
Coiglim an teine seo mar choiglim Críost cách, Brighid ina bun, agus Muire ina lár, seacht n-aingeal fiche ag an teineadh go dtí lá is ag cúmhdach an toighe seo is na daoine go lá.
2.Ag dul a luighe duit.
Luighim ar an leabaidh seo mar luighfidh mé ins an uaigh, ag deánamh faoiside leat a Íosa go cruaidh, tré gníomhairí mo cholna, tré smaointeacht mo chroidhe, tré labhairt mo bhéal, tré gach ní a dubhras, is nach rabh fíor, iarraim maitheamhnas ort a righ na glóire. Amen.
3.A Íosa a Mhic Dé gabh seachnuigh m'anam ar aon slighe, do mo chúmhdach, do mo shábhal ar aon teinidh agus ar uisge.
4.Cum Dia agus Muire mé , Conall agus Colmcille, go sabhalaidh siad mé ar achan olc agus go gcuirfidh siad déagh-bháis chugam. Amen.
(continues on next page)