School: Na Cruacha (roll number 14879)

Location:
Croaghgorm or Blue Stack Mountains, Co. Donegal
Teacher:
Máire C. Ní Chinnéide

Filter stories

Back
/ 467 Forward
Resolution: Low | High
Seanchas i dtaobh na hAimsire

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 281

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Seanchas i dtaobh na h-Aimsire

1.Comharthaí fearrthaine
Fionnadh gabhair ar an spéir.
Cuma cómhgarach ar na cnocaibh.
Loinnir ins na carraigeacha.
An cat agus a cúl leis an teinidh
Tig fearrthain leis an ghaoith aniar.
An t-eallach a fhanacht amuigh go mall
Na caoraigh a theacht cómhgarach do'n teach agus iad cruinn le chéile.
Spearthai íseal
Na néaltaí ag siubhal go gasta.
An corr-mhónadh ag dul suas an abhainn. Na lacha ag screadaigh
Madadh ag ithe féir
Cat ag nighe a éadáin
Fáinne fa'n ghealach.
Grian buidhe ar maidín.
Bogha leac ar maidín
Athrughadh gaoithe. Siongáin ag gabhail that ar eiteógaí
Coileach fraoich ag scáirtigh.
Comharthaí Sneachtadh agus Siocáin
Na cearca ag dul in áirde sna crannaibh
Na caoraigh ag dul suas go h-árd ar na cnocaibh.
Gaoth adthuaidh agus anoir. Ceo ar cnocaibh.

(continues on next page)
Collector
Máire C. Ní Chinnéide
Gender
female
Address
Kilrean, Co. Donegal
Language
Irish