School: Na Cruacha (roll number 14879)

Location:
Croaghgorm or Blue Stack Mountains, Co. Donegal
Teacher:
Máire C. Ní Chinnéide

Filter stories

Back
/ 467 Forward
Resolution: Low | High
Bóithre an Cheantair

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1049, Page 279

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Boithre an Cheanntair

Casan no bealach na gCruach nGorm
Amuigh ag Loch Creabhtha tá bealach ag toiseacht agus cuireadh tús leis in am an Ghorta . Bhí fir agus mná ag obair air ar thistiún sa lá.Bhi sé socruighthe é a dheánamh amach go Dún- na- nGall, ach níor críochnuigheadh ariamh é. Ba ghnáthach le daoine o'n áit seo agus ó thaobh Dún -na -nGall úsaid a dheánamh as an bhealach seo gidh nar críochnuigheadh fhéin é. Go minic anois tig luct siubhal isteach frid na cnocaibh as Dún-na-nGall. Tá an-aithghiorra ann, no níl sé ach naoi míle, agus le dul thart an bhealaigh mór tá sé deich is fichead de mhiltibh.
Casann na mbrathar
Tá an casann seo amuigh ar mhullach na gCruach Gorm. Ba ghnáthach le sagairt agus bráthair teacht an bealach sin san t-sean-am nuair a bhéad siad ag teicheadh roimh an namhaid

(continues on next page)
Collector
Máire C. Ní Chinnéide
Gender
female
Address
Kilrean, Co. Donegal
Language
Irish