School: Na Cruacha (roll number 14879)
- Location:
- Na Cruacha, Co. Donegal
- Teacher: Máire C. Ní Chinnéide
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cruacha
- XML Page 278
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé leis 'na coilleadh fa choinne súistí agus treasnán maith. Chuaidh sé isteach agus ní rabh sé bomaite ag buaileadh gur phlúich sé an bunadh eile faoi'n chocháin. Le sin scáirt inghean an roigh ortha isteach chuig a ndinneára agus nuair a chuaidh an buachall isteach leis féin d'amharc sí sa sciobal. Bhí an taobh as agus an bhunadh eile plúchta faoi'n chocháin. Chuaidh an roigh chuig Cailleach na gCearc an oidhche sin agus dubhairt Cailleach na gCearc leis an roigh an buachall a chur síos go h-Ifrionn a lá thar na mhárach agus a mháthair a thabhairt aníos go bhfeicfeadh sé caidé mar bhí sí ag seasamh amach. Thug sé leis an súiste agus d'imtghigh sé.Ní raibh sé i bhfad go dtáinig sé fhad le fear. D'fhiafruigh sé de'n fhear an rabh fhios aige ca h-áit a rabh Ifrionn. D'innis an fear dó agus thug sé fídeóg dó le séideadh
ar lean ar leath 83(continues on next page)- Collector
- Máire C. Ní Chinnéide
- Gender
- Female
- Address
- Kilrean, Co. Donegal
- Informant
- Peadar Mac Diarmuid
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cruach Leac, Co. Donegal