Tomhaiseanna
1. Siubhalann sé ar an talamh agus a cheann síos.
Tairne i mbróig.
2. Tá sé chomh cruinn le h-ubhall agus níos fuide ná céad longa.
Ceartlín snáth.
3. Cé seo chugainn fríd an fhairrge, feileacán na gréine, fear na culaith goirme, snáth dearg ina léine?
An bogha leac ( leatha).
4. Ceann air mar mhéaracán agus ruball air mar luchóg mhór.
Píopa.
5. Baraille ar an t-sráid agus a dhá thaobh druidte.
Uibh.
6. Ceartlín bhog banríoghan ar bhog bhallaigh an toighe, dubhshlán a bhfuil in Éirinn ní thig leo í a shníomh.
An Ghealach.
7. Timthire beag sásta agus gan eagla air roimh dhath.
An maide briste.
(continues on next page)