1 Sgéal - Loch Bhéal Séad
Ainm an aithriseóra- Peadar Mac Diarmuid
An Crolac,
An Coimin,
Leithbhearr
Aois. 52 Feirmeoir
Tógadh é agus chaith sé a shaoghal ag an t-seoladh thuas.
Fuair sé an bealoideas o'n a athair tá dhachad bliadhan ó shoin.
Ta loch amuigh annsin ins na sléibhtibh i dtráthaibh ceithre mhíle ó theach sgoile na gCruach. Áit fiór uaigneach atá ann gan le cloisint ach glór na gcearc fraoch agus an mhadaidh ruaidh. Ní theidheann mórán daoine ann, ach anois agus arís fear ag cuartughadh caora, agus níor mhaith leis fanacht i bhfad ann. Amharcann se thart , tcídheann sé an loch agus clochan ag gabhail isteach go dtí é,
(continues on next page)