School: An Tulach Mór (roll number 6293)
- Location:
- Tully More, Co. Donegal
- Teacher: Máire, Bean Uí Bhrisleáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fád ó shoin núair a mhair na Fíanna bhí teach acha ar Mullán an tighe mhóir. Bhí dhá céad fear, da cead ban, dhá cead paistí ar n-glúnaibh na mban, dhá cead caphall fá na sríantaibh airghid agus a gcuid múineal ór, dhá cead ciste mór a coimeadhochadh airgead agus coimeadochadh.
Bá é Fíonn Mác Cumhaill an rí a bhí ar na Fiannaibh. Núair a rachadh siad ar shiubhal d’fagadh maighistír ar na mnaoibh. Bá é Garradh an maighistír a bhí ortha lá amhain. Thuith se in a codladh. Ceangail na mná gruaigh Gharraidh ar mhullach an tighe.
Annsin chuaidh síad amach agus thoisigh siad ag screadaig go rabh a namhaidh ag teacht orta. Mhusgail Garráid, d’éirigh sé agus d’fág sé a gruaig ar mullach an tighe.
Le shasamh a bháint as na mhnaoibh d’fág sé istigh iad. Bhí seacht ndoirseacha ar an teach agus seacht n-glais ar gach eile doras. Dhrúid se na doirseacha ortha agus d’imthigh sé go barr coilleadh agus bháin sé naoí n-ualaigh d’fuinnseóig tuirim crín. Chuir se téine i ngach coirneal den teach mór. Bhí mach Garraidh leis na Fiannaibh, agus bhí an bhean san teach mhór.
D’íarr sí fhághail amach. Sgairt na mna éile(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Niallghúis
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Ardara, Co. Donegal
- Informant
- Peggy Ní Bhaoghail
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- Ardara, Co. Donegal