Bhí an Gobann Saor agus a mhac na gcomhnuidh le chéile. Bhí an Gobán é féin ag éirgh aosta, agus mheas sé go rabh an bás ag teannadh leis, ach sul a bhfuigheadh sé bás ba mhaith leis an mac a fheiceil pósta ar mhnaoi óig chliste chríonna. Fear eolach feasúil ab é an Gobann, ach ní rabh an mac ar an bhunadh a ba ghaiste.
Lá amháin labhair an Gobann leis an fhear óg, agus arsa seisean -
“Nach measann tú a mhic, go bhfuil tú in aois do phósta agus go mb’fheárr duit bean mhaith chríonna a bheith agat feasta?”
“Creidim go bhfuil an fhírinne agat, a athair,” ars an mac, “ach is deacair bean mhaith a phiocadh. Deir siad go bhfuil na mná mealltach, agus nach bhfuil siad ion-taobhthach.”
“Is dóiche liom gur fíor do chuid cainnte, a mhic,” arsa an sean-Ghobann, agus ní rabh de ach sin an iarraidh sin.
Beagan laethe na dhiaidh sin, bhí aonach ins an chomhursanacht agus diarr an Gobann ar an mhac leath-sgór molt a bhí acu a thabhairt un aonaigh.
“Caidé'n luach atá in a n-éadan agat?” arsa an mac.
“Seo mar bhéas an sgéal fa ghraithe na molt,” arsa an sean Ghobann, “Ná téidh i gcionn margaidh le
(continues on next page)