School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leac Chonaill
- XML Page 436
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)aici ach go bh'fhiafrochadh sí do na fear. Chuaidh sí isteach chun na cistineadh, agus roimhe i bhfad thainic sí féin agus an fear amach. Dhearc an fear go greinn ar na buachaillí ar feadh tamaill ach is dóiche gur thaitín a gcrothuigheacht leis, mar dubhairt sé go bhfuigheadh siad lóisdín go cinnte.
Ansin diar Séamus oirthi gloine do bhiotailte mhaith a thabhairt un cinn do achan fhear, agus gloine a thabhairt do na fhear féin fosta.
“Díolfaidh mé ar son an treat seo ar maidin,” ar seisean, “nuair a bhéas mé ag socrú ar son lóisdín na h-oidhche.”
“Béidh sin maith go leor,” ars an bhean.
“Anois,” arsa Séamus, “mar shiubhail sinne turas fada indiú, tá muid tuirseach, agus da luahas a mbéadh ar suipear againn agus muid in ar luighe b’amhlaidh a bfheárr, no caithfimid a bheith ar ar gcois go luath amárach.”Ní raibh moran moille go rabh a suipear réidh ag bean a tighe, agus leapacha cóirigh dobhtha, agus iad in a luighe, agus mar bhí siad tuirseach, ní rabh siad i bhfad 'na luighe go rabh siad 'na gcodladh. Ba luath ar maidin a bhí siad ar a gcois, agus ba luaithe na sin a bhí bean a tighe ar a cois, agus a mbricfeasta deánta réidh aicí. Ghlac siad a mbricfeasta in seamra galánta, a bhéadh maith go leor ag righ na Sasanna – ro mhaith, leoga, a bhéadh sé ag an bhitheamhnach shalach. Nuair a bhí a mbricfeasta ithte acu scairt Séamus isteach ar bhean a' tighe, agus d’fhiafruigh dí cá mhéid a bhéadh(continues on next page)- Collector
- Máirín Nic Grianna
- Gender
- Female
- Informant
- Tarlach Mac Aoidh
- Gender
- Male
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal