School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 435

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 435

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 435
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí triúr buachaillí ar an bhaile seo am amháin, agus ba mhian le dul un Oileain Úir, ach ní raibh airgead ar bith acu le na mbealach a dhíol, ach bhí siad cliste gasta, agus bhí misneach acu go rachadh acu an bealach a dheánadh gan airgead. Ba iad na h-ainmneacha a bhí orthu Séamus Mhac a Ghoill, Padraic Ó Lochlainn agus Tadhg Ó Gallachobhair.
    Shocraigh siad go siubhailfeadh siad comh fada le Doire. Ní rabh traen no motair ag rachaidh an uair sin mar atá anois. Dá bhfuigheadh siad fhad le Doire bhí dúil acu fiachailt le faghail ar shoitheach a bheirfeadh un Oileáin Úir iad.
    Maidin bhréagh aoibhinn shamhraidh d’fhág siad slán ag a mbaile agus ag a mbunadh- agus d’imigh- da réir chosamhlachta le croidh éadtrom aerach agus barr ucdaighthe le na mbeatha a shaothradh i measg na gcoimhthigh, gan pighinn in a bpócaí. Shiubhail siad leo go rabh an neoin bheag agus deireadh an lae ann, agus le coim na hoidhche thainic siad comh fada le Baile Féidh. Shocruigh siad go mbfeárr dobhtha lóisdín a ghlacadh ar feadh na h-oidhche.
    “Caithifidh mid cleas a imirt le lóisdín a fhághail in easgaidh,” arsa Séamus Mhac a Ghoill, “agus seo mar a oibreos muid an cleas.”
    Agus mhínigh sé don bheirt eile mar bhí rún aige deánadh. agus nuair a chualaidh siad an chaoi a bhí leagtha amach aige, gháir siad, agus ghread a mbosa agus dubhairt le chéile gur boc ealadhanta glic Séamus Mhac a Ghoill gan amhras ar bith.
    Ansin shiubhail siad isteach go teach ósda agus d’fhiafruigh Séamus do bhean a tighe an dtiocfadh leithe oidhcheacht a thabhairt do thriúr buachaillí mar iadsan. D’fhreagair sí nach rabh a fhios
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1731: The Youth and the Pretty Shoes
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Nic Grianna
    Gender
    Female
    Informant
    Tarlach Mac Aoidh
    Gender
    Male
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal