School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Laconnell, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna

Filter stories

Back
/ 454 Forward
Resolution: Low | High
Seanscéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 434

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá baile an Mhachaire ag cois bháig Luachrais Bhig - fa thuairim ar mhíle bealaigh ó theach sgoile Leac Chonaill. Leath sgór de thighthe comhnuidhe atá ar an bhaile, agus níl ach tobar amháin le fíor uisge a chongbhail leis na tighthe uilig.
Deir an sean bhunadh nach rabh tobar ar bith acu ‘sa tsean am, agus go rabh droch dóigh orthu. Lá amháin thainic bean siubhail thart, agus chuaidh sí isteach go dtí teach ar an Mhachaire agus diarr sí deoch de fhíor uisge. Dubhairt bean an tighe leithe nach rabh tobar fíor uisge ar bith ar an Mhachaire.
Bhí íontas mór ar mhnaoi an tsiubhail. Dubhairt sí nach mbéadh siad i bhfad gan fíor uisge. D’imthigh sí amach na trágha. Bhí daoine ag amharc na diaidh. Sheas sí san áit a bhfuil an tobar acu anois. Bhí fáinne ar mhéir da cuid. Bhain sí an fainne da méir, agus thoisigh sí ag radh foicle i gcanamhaint choimhthigheach nar thuig aon duine.
Nuair a bhí sí tamall maith amuigh thainic sí isteach. Diarr siad ar chuid do na fir a dhul amach agus poll a dheánadh san áit a thaisbein sí dobhtha. Chuaidh siad amach agus rinn siad an tobar. Tá an tobar le feiceil go fóill ar an Mhachaire, agus níl ann ach an tobar amháin sin. Dubhairt an bhean nach mbéadh an Machaire a choidhche gan fíor uisge, agus nach rachadh an tobar tirim go brathach.

Collector
Máirín Nic Grianna
Gender
female
Informant
Eibhlín Bean Mhic Chonaill
Gender
female
Address
Laconnell, Co. Donegal
Language
Irish