School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leac Chonaill
- XML Page 428
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Caide seo atá tú a dheánadh anseo, a Thailligh?” arsa an fear beag.
“Tá mé ag deánadh gárraidh,” arsa Tailligh.
“Nach rabh go leor áite agat le gárradh a dheánadh, agus gan a dheánadh i mbéal an dorais againne?” arsa an fear beag.D’amharc Tailligh ar an fhear bheag tamall -
“Nach rabh go leor ba ar fud na tíre agaibhse,” arsa Tailligh, “gan mo shean bhó bhocht sa a thabhairt libh, gur fhág sibh mé féin agus mo shean mhathair gan striog bhán le cur ar a' tae. Tá sé ba déag bainne ag an "Eireamhnnach Mhór" thall annsin, agus ní chruithneochadh sé ceann nó beirt, ach níor bhain sibh do, b’fheárr libh an lámh throm a leagan ar an bhaintreabhaigh agus ar an díleachta: ach dhéanfaidh mé seo leat - tabhair mo shean bhó arais díomh agus dheánfaidh mise an garradh in áit inteacht eile.”
“Seo anois a Thailligh,” arsa an fear beag, “fág an bhó againn, agus bhéirfidh mé rud níos fearr duit ar a son.”
Chrom sé síos agus thóg sé péire bróinte, agus thug sé do Thailligh iad.
“Tabhair na bróinte seo abhaile,” ar seisean, “agus fág ar chlár an chiste mhóir iad atá sa tseomra. Ní bhéidh agat ach na bróinte a chasadh agus béidh an ciste lán mine, ach ná h-innis do rún do dhuine ar bith.”Thug Tailligh na bróinte 'un tighe leis, agus d’fhág(continues on next page)- Collector
- Máirín Nic Grianna
- Gender
- Female
- Informant
- Donall Mac Grianna
- Gender
- Male
- Address
- An Bearnas Uachtarach, Co. Donegal