Tá loch shuas i meaog na sliabh, fa thrí mhíle de theach sgoile Leac Chonaill ar a dtugtar Dór loch (Dobhar loch). Deir na sean daoine gur ghrathach le beathach mór állta a bheith sa loch seo ‘sa tsean am. Dobharchú a bhí mar ainaim ar an bheathach mhór seo. Bhí adhare mhór ag fás amach as a shróm.
Bhí fear am amhain ag buachailleacht caorach comhgarach den loch. Thoisigh sé ag sgaoileadh méarog isteach sa loch. Fa dheireadh chonnaic sé an beathach mór ag teacht amach as an uisge ag ag teacht ins an tóir air.
Theith an fear, ach bhí an beathach ag teacht ní ba chomgaraigh dó. Bhí cóta ar an fhear agus chaith sé an cóta de agus d’fhág sé ar charraic é. nuair a thainic an dobharchú go dtí an charraic, shíl sé gurbh é an fear a bhí ann. bhuail sé an adharc in éadan na carraice agus bhris sé í.
Phill sé arais go dtí an loch annsin, agus ní fhacas ariamh ó shoin é. Is doiche go bfuair sé bás.
Tógadh an sgeal beag seo as coip leabhar Mháirin Nic Grianra, agus fuair sise é ó na sean aintín - Eiblin Bean Nic Chonaill atá na comhnuidh i Leac Chonaill, agus atá fa thuairim 78 bliadna de aois.