School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Laconnell, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna

Filter stories

Back
/ 454 Forward
Resolution: Low | High
Dán na Páise

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 424

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Nuair a chualaidh an Mhaighdean gur gaibheadh a h-aon mhac.
Níor fhan sí le na ceann deas a chíoradh nó chóireadh.
Shiúbhail sí fríd an fhásach gan aon snáithe bróg ag iarraidh tuairisg a h-aon mhac
A thug na h-iúdasaí leo
Casadh a chuid fola go h-íseal ins an ród dithe
Chrom sí síos agus thug sí póg dithe
Shiúbhail sí leithe go tuirseach brónach
Go dtainic sí san áit a rabh na gárdaí na mhaslughadh
Thionntaigh Sé thart cé gur mór mór a ghéabhann.
“Sin chugaibh a’ teacht Mo mhaithrín bheag dhíleas
Agus réidhtighidh an bealach dithe fríd an ghárda”.
“Teannamuid in a h-aghaidh go mbuailfidh muid a sáith oirthi!”
“Ó. buailigidh mise, ach na bainigidh do Mo mhaithrím.
Tá mé ag imtheacht a cheannacht shíol Eabha”.
“Cé suidh shuas ar chrann na páise?”
“Na nach n-aithnigheann tú mé - ‘s maith aithnighim mo mhaithrín -
Indiaidh ‘ach lá ar shiúbhal tú’n saoghal liom,
‘Súil mé’ shábhail ar bhás na h-aoine?”
“Nach cruaidh cruaidh a cheangail siad thú
A chúig mhíle stóirín
Nuair is é do chuid fola a rinn damhsa an t-eolas.
Nach cruaidh cruaidh a cheangail siad thú
A chúig mhíle stóirín
Nuair atá an t-allus fola le do mhalaidheacha bána”

(continues on next page)
Collector
Séamus Mac Grianna
Gender
male
Informant
Mairéad Bean Mhic Aoidh
Gender
female
Address
Laconnell, Co. Donegal
Language
Irish