School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 423

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 423

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 423
  3. XML “Seanscéal Gaeilge”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mór giobach. Cuirfidh seisean béic uathbhasach as. Tá crúb i mbarr a rubaill fosta”.
    Nuair a thainic an oidhche chruinnigh sluagh na gcat ar mhullach an bhalla. Thug Crochur Beag leis an fhuip agus chuaidh síos. Nuair a chonnaic na cait é ag tarraingt orthu theith siad uilig ach cat mór giobach a bhí ann. Damharc an cat seo go dána ar Chrochur agus shílfea gur da aibhleoig na súile a bhí in a chionn. D’fhosgail sé a bhéal le béic a leigint as, ach sul a bhfuair sé faill sin a dheánadh thug Crochur Beag trom chois na fuipe do ag bun na cluaise. Thuit sé agus níor chraith sé crúb ní ba mhó. Annsin phill Crochur Beag ar an teach arais.
    “Caide mar déirigh leat?” ars an maighistear.
    “Ó. mharbh mé rí na gcat”, arsa Crochur Beag.
    Bhí an pisín breac na luighe san luath bhuidhe, agus nuair a chualaidh sé Crochur Beag ag radh gur mharbh sé rí na gcat, thug sé léim suas. Fuair greim sgornaigh ar Crochur eadar a fhiacla, agus níor leig amach an greim go rabh Crocur tachtaighe aige.
    Ba sin an deireadh a bhí ar Chrochur Bheag agus a cuid gaisgidheachta da réir an sgéil, mar chualaidh mise fear beag cabach da innsint do shean bhean gheabach, agus mas sgéal bréagach é ní mise a chum é.
    Chualaidh mé an sgéal seo ag Torlach Mhac Aoidh agus a dheirbhshiuir Eibhlín Bean Mhic Chonaill - a chomhnuidh in aon tighe ag Leac Chonaill, Árdaratha - Fuair Torlach bás ar 21. 3. 1938, ag 84 bliadhna de aois.
    Ar dheis dé go rabh a anam.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Eibhlín Bean Mhic Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal
    Informant
    Tarlach Mac Aoidh
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal