School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 413

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 413

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 413
  3. XML “Seanscéal Gaeilge”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    gcarraigeach a dtugadh siad an “Siorriam Mór” mar ainm air. Bhí sé chomh trom agus go nglacfadh sé seisear fear le na thógáil nó oibreadh leis.
    Tugadh an “Siorriam Mór” annsoir Chrochar Bheag. Bheir sé air. Chuir sé treasna ar a ghlún é agus bhain lúbadh beag as ach, nuair a chonnaic sé nach rabh níos fearr le fághail, dhírigh sé é arais agus d’éirigh sé na sheasamh lena chuideadh. Thug a athair sgilling do le na bhealach a dhíol giota. Chuaidh sé amach. Chraith sé é féin, agus chraith sé trí pheice luath amach as a chuid bratogaí éadaigh.
    Chuaigh sé a bhealaigh mhóir agus shiúbhail sé leis go dtainic sé go teach ósda. Chuaidh sé isteach agus d’ól sé gloine biotailte, agus chonnaiceas dó gur chuir an bhiotailte misneach mhór ann. Shín sé leis annsin, agus nuair a bhí an oidhche ag tuitim thainic sé a fhad le teach fearmora. Bhuail sé ag an doras. D’fhiafruigh an fearamor de caide a bhí dhith air. Dubhairt Crochar Beag go rabh sé ag cuartú oibre.
    “Caide an obair a thig leat a dheánadh?” arsa an fearamor.
    “Rud ar bith dá dtearn fear riamh agus níos mó ná a rinne mórán de na fir atá ann anois,” arsa Crochar Beag.
    “Maith go leor,” arsa an fearamor, “tá buachaill seirbhis a dhith ormsa, agus má bhíonn tú bréagh úmhal agus maith ag obair b’fhéidir go gcoinneochainn thú. Bhéirfidh mé fiachailt duit ar chaoi ar bith.”
    Dubhairt Crochar Beag go raibh ocras air agus thug an maighisteir ordú do chailín a bhí ann biadh a chur
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0650**: The Strong Youth
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Eibhlín Bean Mhic Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal
    Informant
    Tarlach Mac Aoidh
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal