Nuair a bhí an Sagart Mhac Gairbhe mar shagart paraiste in Árdaratha, bhí sé na chomhnuidh i bPoinnte Luachrais. Bhí sealabhan maith caorach aige. Bhíodh fear ag obair aige darbh ainim Johndy O’Gallachcbhair. Séasur amháin ghlac na caoirigh cineal innteacht [neide]? Agus bhí moran acu ag fághail bháis. Chualaidh an sagart go rabh sé na léigheas ar an aicid bolgam beag rum a thabhairt le h-ól do gach caora, ach goide mar bhí seo le deánadh - ba sin an cheist a bhí le socrú. Fa dheireadh dubhairt Johndy go líonfagh seisean a bhéal de’n rum agus annsin go ndóirefeadh sé isteach i mbéal na caorach é. Cruinniú na caoirigh agus cuireadh isteach go cró na gcaorach iad. Fuair an sagart cárta rum, agus thug sé go cró na gcaorach é go dtabhairfeadh Johndy do na caoirigh é. Thug sé an buideal do Johndy agus chuaidh Johndy isteach na chró. Sheasuigh an sagart taobh amuigh den doras. Bhí Johndy sa clóbhar anois. Bheiredh sé greim ar chaora, d’fhosgaladh sé a béal. Báineadh sé bolgam as buideal an rum - shlugadh sé a béal. Chaitheadh sé sileog i mbéal an caorach agus annsin sgaoileadh sé amach í. Bhí go maith go rabh sé tar éis fa thuairim sgór caorach a leigint amach, agus annsin thainic stad orthu. Bhí íontas ar an tsagart goide a bhí cearr. Damharc sé isteach na cró ach ní rabh Johndy le feiceal, sgairt sé isteach ach ní bhfuair sé freagar ar bith. Annsin chuaidh sé isteach na cró, agus bhí Johndy na luighe annsin gan
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »