School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ins an tsean am ba iad Baoigheallaí an Mhachaire an dream daoine a ba saidhbhire ages a ba tréamanta da rash ins an chomhursanacht seo. Bhí sean focal i measg na ndaoine nuair a bhíodh siad ag tracht ar chruinniú mór daoine a bhíodh in áit ar bith. Deireadh siad go rabh "Mór uaisle na tíre agus Baoigheallaí an machaire ann."
San am a bhfuil an sgéal seo ag tracht air, bhí mac ag an Bhaoigheallach, agus bhí sé na bhuachaill bhréagh fheiceallach. Bhí gearran rása aige fosta nach bhfeicfhea a leitheid ar aonach. Thainic lá aonaigh na Machaire Móire, agus chuaidh mac an Bhaoigheallaí un aonaigh leis an ghearran rása. Diarr an tathair air an gearran a dhíol, ach ní rabh an fear óg toilteanach seo a dheánadh.
Bhí ministeir i nDún na ngall a rabbi nighean aige, agus ba doigheamhail gnaoidheamhail an cailín í. Chonnaic sí an Baoigheallach óg ar aonach na Machaire Móire. Chuir sí spéis ins an ghearran a bhí leis, agus chuir sí cheist air an ndíolfadh sé an gearran. Dubhairt sé go ndíolfadh da bhfuigheadh sé a sháith luach air.
"Caidé an lunch atá tú iarraidh?" ar sise.
Diarr an Baoigheallach fa thuairim a dhá oiread agus a b'fhiú an gearran, ach goide an t-íontas a bhí air nuair a dubhairt sí go dtabhairfeadh sí sin dó.
Annsin dubhairt an Baoigheallach leithe nar mhaith leis an gearran a dhíol ar luach ar bith, agus ar an(continues on next page)- Collector
- Séamus Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Eibhlín Bean Uí Chonaill
- Other names
- Eibhlín Bean Uí Chonaill
- Nellie Bheag
- Gender
- Female
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal