School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 397

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 397

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 397
  3. XML “Mar Tháinig an Mhaighdean Mhara go Leac Chonaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mbéadh baile ní b'fhearr aici na bhéadh aicí faoin fhairrge.
    Ní rabh a mhalairt de sheibthe aici ach a theacht. Chuir an fear an brat sróil i bhfolach in áit nach bhfuigheadh sí é. Chuaidh na bliadhantaí thart agus bhí trúir páisdí acu. Lá amháin bhí an fear ag deínadh cruaiche coirce, agus chonaic duine de na páisdí é ag cur rud innteacht i bhfolach sa chruaich, agus d'innis an páisde de'n mhathair go bhfaca sé Daidí ag cur éadach deas i bhfolach sa chruaich.
    Lá amháin nuair a bhí an fear ar an bhaile mhór thoisigh an Mhaighdean Mhára ag leagan na cruaiche go dtainic sí fad leis an áit a rabh an brat sróil. Nuair a fuair sí an brat phóg sí gach duine de na páisdí, agus annsin ar shiúbhal na rith leithe ag tarraingt ar bhéal an bharra.
    Nuair a phill an fear na bhaile ní rabh an bhean le feiceil. D'fhiafruigh sé do na páisdi ca rabh sí. Dubhairt siadsan gur sgab sí cruach na coirce agus gur imthigh sí bealach béal an bharra leis an éadach a fuair sí sa chruaich. Bhí fhios ag an fhear go rabh sé réidh leithe, go rabh sí ar shiúbhal arais chuig na bunadh.
    Tógadh an sgéal seo as coip-leabhar Mháirín Níc Grianna. Rang 7. Fuair sise an sgéal ó Phadraic Ó Gallachobhair atá na chomhnuidh i Leac Chonaill, Árdaratha, Co. Dún na nGall.
    Tá cuid den dream seo i Leac Chonaill go dtí fa thuairim 50 (leath chéad) bliadhain ó shoin. Bhí eolas acu ar dhraoidheacht agus ar phiosragacht. Chonnaic mé féin bean acu, agus thiocfad leithe dubhrogan a bhaitn as súil duine le seort ortha a bhí aicí. Máire Ruadh Mhartain Harrison a bhí oirthi. Fuair sí bás in 1921. Séamus Mac Grianna, 1-2-38.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. mermaids (~305)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Nic Grianna
    Gender
    Female
    Informant
    Pádraic Ó Gallachobhair
    Gender
    Male
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal