School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Laconnell, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna

Filter stories

Back
/ 454 Forward
Resolution: Low | High
Seanscéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 384

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann am amháin agus bhí seachtmhar nighneach aige. Fuair siad uilig pósta ach bean amháin agus bhí an bhean seo an fhallsa. Thainic fear lá amháin agus diarr sé an cailín seo le pósadh. Dubhairt a h-athair nach rabh aon mhaith inntí do, no go rabh sí ro fhallsa agus nach ndeánfadh sí rud ar bith.

Dubhairt an fear leis an athair a tabhairt do agus rud ar bith a d’iarrfadh sé oirthi a dheánadh, agus nach ndeánfadh sí go sgaoilfeadh sé í as béal gunna. D’aontuigh an t-athair, agus thug an fear an cailín leis go dtí a bhaile féin. Bhí gearrán leis an fhear agus dhá chú agus gunna.
Chuaigh an fear a mharcuigheacht ar an ghearran agus chuaidh an cailín suas ar a chúlaibh. Nuair a bhí siad tamall beag ag siúbhal an bhealaigh chonnaic siad coinín ar thaobh amháin den bhealach mhór. Lean ceann den dá chú an coinín. Sgairt an fear ar an chú a theacht arais ach ní tháinig sé. Tamall beag ina dhiaidh sin thainic an cú arais. Sgaoil an fear urchar as an ghunna leis an chú agus mharbh sé é.
Tamall beag ina dhiaidh sin chonnaic an cú eile coinín, agus d’imthigh sé sa tóir air. Sgairt an fear ar an chú pilleadh arais, ach ní thainic. Tamall beag na dhiaidh sin thainic an cú arais agus sgaoil an fear urchar leis an chú agus mharbh sé é.

(continues on next page)
Collector
Seán Ó Baoighill
Gender
male
Address
Laconnell, Co. Donegal
Informant
Seán Ó Baoighill
Relation
parent
Gender
male
Address
Laconnell, Co. Donegal
Language
Irish