School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Laconnell, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna

Filter stories

Back
/ 454 Forward
Resolution: Low | High
Seanscéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 382

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear na chomhnuidh i Leargonearrtha - baile talaimh atá fa dhá mhíle do Sgoil Leac Chonaill - shuas ins na sléibhte - tamall maith ó shoin. Ba ghnathach leis póitín a dhéanadh. Lá amháin bhí sé ag deanadh braon de shugh na h-eorna shuas ar lafta, sa sgiobal. Thainic an sgéala isteach go rabh na gárdaí ag teacht.
Ní rabh moill go dtainic na gárdaí isteach, agus fuair siad na gléasairí uilig i lár an urláir, agus bhí ceig póitín ann fosta. D’imthigh cuid de na gárdaí go bhfuigheadh siad cart leis na rudaí a thabhairt na bearraice, agus shuidh fear de na gárdaí ar an cheig le na choimhead go dtiocfadh na gárdaí eile arais.
Thoisigh an fear ar chomhradh leis an ghárda, agus d’fhraifruigh sé de ar mhaith leis sgéal nó amhrán maith a chluistean. Dubhairt an gárda nach rabh rud ar bith a ba mhó a chuirfeadh aoibneas agus pléisiúr air nó bheith ag éisteacht le amhrán maith.
Thoisigh an seanduine ar an cheol, agus an fad agus bhí sé ag gabhail an amhráin, bhí an bhean gnaitheach faoin lafta. Bhí tor aici, agus rinn sí poll fríd an lafta agus fríd tóin an cheig. Nuair a fuair sí an poll déanta chuir sí tobán faoin’n pholl, agus thuit an póitín amach as an cheig isteach sa tobán, agus nuair a bhí an ceig follamh chuir sí an toban agus a rabh ann i bhfolach. Thainic na gárdaí eile agus an sáiseant leo., agus nuair a fuair siad an ceig follamh shíl siad go

(continues on next page)
Collector
Séamus Mac Grianna
Gender
male
Informant
Pádraic Ó Gallachobhair
Gender
male
Address
Laconnell, Co. Donegal
Language
Irish