School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 379

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 379

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 379
  3. XML “Seanscéal Gaeilge”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear na chomhnidh i ngleann Colmchille fa thuairim cheithre scór bliadhain ó shoin a rabh Ned Ó Gára mar ainim air. Bhí an ealadhain dhubh aige. Bhí sé amach Bhaile 'n Droicheid lá amháin, agus muc le díol aige. Cheannaigh fear as Árdaratha an mhuc uadh. Dubhairt Ned Ó Gara le clannachair na muice coimhead agus gan í a thabhairt treaona thar uisge ar bith. Nuair a bhí an fear seo ar a bhealach na bhaile bhí aige le dul treaona ar shrúian. Nuair a chuadh an mhuc isteach san uisge dimigh sí as amharc, agus ní rabh le feiceil ag an fhear ach buachallan buidhe ag imtheacht síos leis an tsruth.
    Phill an fear arais go Baile 'n Droicheid, ag cuartú an fhir a dhíol an mhuc leis. Nuair a chonnaire sé Ned Ó Gara, rith sé annsair go feargae, agus rug greim sgiathain air. Dimigh Ned Ó Gara agus d'fhág sé an sgiathan ag an fear. Bhí fear Árdartha comh sgannrughthe sin gur imigh sé na bhaile, agus níor amharc sé ní ba mhó fa luach na muice.
    Bhí Ned Ó Gara lá eile ag deánadh poitín in a thach féin. Tháinig comhursa isteach agus dubhairt go rabh lucht an Revenue ag teacht aníos faoi an trath. ''Ma tá, tarraidh'' arsa Ned. ''Ní bhéid dadaidh le feiceil acu anseo a dhéanfas dochair ar bith.''

    Nuair a thaime lucht an Revenue isteach, in áit sull agus dabhach agus gléasairí eile sullearachta, chonnaic siad pota agus treasal agus toban, agus sothigh mar béad' le feiceil gcisunigh ar bith. D'imigh lucht an Revenue arais mar thaime siad.

    Tógadh an scéal seo fa Ned Ó Gara as coip leabhar Chrochuir Mhic Grianra. Fuair Crochuir an scéal ó Phádraic Ó Gallachobhair atá na chomhnidh i leac Chonaill, Árdaratha agus chualaidh Pádraic an scéal ag na uncal Proinsias Ó Gallachobhair a fuair bás in 1924. Bhí sé suas le 90 bliadhna de aois nuair a fuair sé bás.

    Smeg- 26/01/1938.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Crochur Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Pádraic Ó Gallachobhair
    Gender
    Male
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal