School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Laconnell, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna

Filter stories

Back
/ 454 Forward
Resolution: Low | High
Seanamhrán Gaeilge

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 369

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Seanamhrán Gaeilge

Liom féin atáim le h-éirighe na gealaighe

Sean amhran Gaedhilge.
Liom féin atáim le h-éirighe na gealaighe.
Go h-uaigneach tuirseach ag sileadh deor
Mo ghradhsa dimthigh indiú thar sáile
Is cráidte fan-lag anocht mo ghlór
II
Och sé’n croidh seo ‘tá réabtha stróctha
Le cumhaidh gortuighthe ar do shon a rúin
‘Snach truagh mar tá mé annseo mo dheóraidh
Mo shnúdh ‘s mo mhisneach ag sleamhnú uaim.
III
An ghealach cheadna anois ‘tá gluaiseacht
Faoi’n sgamall dhubh sin san áird ‘tá shiar
Aréir bhí ag amharc, tú lem’ ghualainn.
Anocht ar shiúbhal uam gan teacht Faraor!
IV
Faoi’n chrann ud thall ba ghrathach duit seásamh
Ar an leic ud shíos ba ghrathach duit suidhe
Anocht a rúin tá’n áit sin follamh
‘Snach doilbh dubhach an sgéal dom chroid.
V
Do choisceim éadtrom annseo tá cruithnuighthe
Ní lúbfa noinín led’ chosaibh mear
Do gáire béil-bhinn níos mó ní chluinfear
Ó! rinn tú’n léar-sgrios-gabhail tar lear.

(continues on next page)
Collector
Crochur Mac Grianna
Gender
male
Informant
local name Paidí na Pighne
Gender
male
Address
The Rosses, Co. Donegal
Language
Irish