Bhí ceathrar deartharach ina gcomhnuidh i mbaile Leac Chonaill fad ó shoin. Bhí cuibhreann coirce ag gach fear acu do féin, agus bhí na cuibhrinn uilig ar an mhéid amháin, agus chuaigh siad i gcomhar agus bhain siad an coirce.
Nuair a bhí an coirce bainte rann siad é mar achan darna phionann go rabh deireadh rannta go dtí pionann amháin. Ansin chuaidh siad fhad leis an tighearna talaimh agus ba é an socrú a rinn seisean an pionann a rann mar achan darna chruithleog.
Rann siad leobhtha go raibh deireadh rannta go dtí cruithleog amháin. Chuaigh siad a fhad leis an tiarna arais agus ní rabh fhios age anois caide le deánadh. Ins an deireadh diarr sé orthu an chead lá a mbéadh tuille ins an abhainn an chruithleog a chaitheadh amach ins an uisge, agus cia bith fear a bheirfeadh isteach an chruithleog gur leis féin í.
Lá amháin líon an abhainn go dtí na brúigh. Chaith siad amach an chruithleog. Léim an fear ba sine amach ar dtús agus chuaigh sé síos, ach ní thainic sé ar amharc ní ba mhó. Léim an dara, agus an tríomhadh, agus annsin an ceathramhadh fear i ndiaidh a chéile, agus báitheadh na ceatrar deartharach mar mhaithe le cruithleog amháin coirce. Ba iad na hainmneacha a bhí orthu, Fionn Fainne, Caoimh Cáinne, Caileach a’ Chustuim agus Eoghan an Bodach.