School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Laconnell, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna

Filter stories

Back
/ 454 Forward
Resolution: Low | High
Seanamhrán Gaeilge

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 363

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Seanamhrán Gaeilge

Bhí mé ag gabhail go Sasannaigh

Sean amhran Gaedhilge.
Bhí mé ag gabhail go Sasannaigh
Go mall, mall aréir.
Casadh cailín deas orm
Na suidhe leithe féin
Bhann mé damh mo shean hata
Agus d’úmhlaigh mé go talamh dithe
A’s d’fhiafruigh sí go ceannósach
Cé’n tír arbh as mé.
II
Spealadoir is ainim damh
Anall as an Ghréig
Bíonn mo speal crochta
Síos le mo thaobh
‘S nuair fhágaim ar an talamh í
Tógann mná na bhfearaibh í
Mar in iúil go mbéinn acu
In aimsir gheárradh ‘n fhéir.
III
A chailíní, a chailíní
Nach truagh libh mo sgéal
Mise gabhail ar fairrge
‘S gan súil liom go h-éag.
Bidhigidh ar bhur bpaidreachas
‘Ach oidhche ag dul na leabtha díobh
‘Rí mo sheóladh bhaile
In aimsir shábhail an fhéir.
Sean amhran eile do chuid Mháire Ní Dhomhnaill a tógadh as coip leabhar Chaitlin Ní Chuinneagain.

Collector
Caitlín Ní Chuinneagáin
Gender
female
Informant
Máire Ní Dhomhnaill
Gender
female
Address
Lerginacarha, Co. Donegal
Language
Irish