School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Laconnell, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna

Filter stories

Back
/ 454 Forward
Resolution: Low | High
Seanamhrán Gaeilge

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 360

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Seanamhrán Gaeilge

Brón ar an fhairrge udaí 'sí atá mór

Sean amhran Gaedhilge.
Brón ar an fhairrge udaí ‘sí atá mór,
‘Sí a chur eadar mé agus mo mhíle stór
‘Sí d’fhág ar an bhaile seo mé ‘deánadh bróin
Gan dul arais agam a choidhche níos mó
II
Tá an oidhche seo doracha agus í fluich fuar,
Agus an sneachta ag buaileadh mo dhruim go cruaidh
Níor labhair siad focal agus níor éagmaidh fuacht
Go rabh mé oidhche ag mo ghradh ar cuairt.
III
Bhuail mé aréir ag an doras thall
Sgairt mé aríst ar mo ghradh go teann
‘Sé dubhairt a mamaí nach rabh sí ann
Gur éalaigh sí aréir leis an bhuachaill donn.
IV
Jackie Harrison aghabhaidh mé
Agus i bpríosún shligigh a chrochfar mé
Óro a chailíní nach truagh libh mé
Cuirigidh sgéala annsair na cailíní.
VI
Agus annsair mo sweetheart atá faoi chumhaidh
Go mbéidh mise aicí ag an mheadhon lae Dia Luain.
Mo chulaith gheal orm agus mé faoi smúid.

Amhran eile é seo a tógadh as coip leabhar Sheáin Mhic Grianra, agus fuair seán é ó Nellie Bheag Bean Mhíc Chonaill, atá na comhnuidh i Leac Chonaill.

Collector
Seán Mac Grianna
Gender
male
Informant
Nellie Bheag Bean Mhic Chonaill
Gender
female
Address
Laconnell, Co. Donegal
Language
Irish