School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leac Chonaill
- XML Page 357
- XML “Deilín na mBacach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Lorg an ghalair bhric ar a taobh shiar
Lorg an ghalair sgrath i gcúl a cinn.
Agus milleadh bróige ar a gurrúin
Leasbach in a ladhara - gruag shíoda dhonn oirthi.
Mar bheadh ar fhighideoir nó ar chóisteoir.
Í lom luath, na rathaidh mhaith.
Dúil mhór i dteas agus i dteinidh aicí
Agus sgalagaidh móra tobaca aicí.
Lean mé féin i go teoir Bhalapaigh
Agus go teoir Bhaile na Colpaigh
Go Kinnegad agus go cumar ghualraic.
Lean mé aríst fríd na fiachra í
Agus go tuath lios bhaile chéirín
Lean mé aríst un a h-abhna Ruaidh í
Iono gur lagadh ar mo chostas mé
Agus go mbéigín na ceithre mhála fichid a chur suas,
Mar tá :- Mála an mhuineil, mála an t-slinnein, an
scutch mhála, an slios mhála. Mála na h-éile.
An Receiver, agus an Butterbox. Mainge na
h-eorna, agus an woolpack, an Bricire, agus
an sticire, agus an penny-come-quick.
Go isteach in mo mhála pearsannach, agus an cruascar.
Slán [?]ollain agaibh- bunadh an tigh seo.Tógadh an sean ramas - deilín na mbacach as coip leabhar Mháirín Níc Grianra - paisde ins an 7adh Rang, agus fuair sise é ó na h-athair mór - Torlach Mac Aoidh, Leac Chonaill, Árdaratha.
Tá Torlach fa thuairim 83 bliadhna de aois anois.- Collector
- Máirín Nic Grianna
- Gender
- Female
- Informant
- Tarlach Mac Aoidh
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 83
- Address
- Leac Chonaill, Co. Donegal