School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Laconnell, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna

Filter stories

Back
/ 454 Forward
Resolution: Low | High
Deilín na mBacach

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 356

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Deilín na mBacach
Go mbeannaigh an Rí agus mise annseo
Columcille, Eoghan Baiste, go mbeannaigh an teach seo.
Is liomsa atá na trí gártha is fearr
A chualaidh tú i mbaile na in áit ariamh
Mar tá na gárta guidhe, na paidreacha, agus na gártha beannachtaí
Le mar dtubaiste go léir do chur ar bhórd na mbocht
Ar an leic sin Mhic Dhonnachaidh, ag Tobar Bhrighide
An áit a mbíonn an crann
Críonn ar maidin agus úrghlas trathnóna
Ag tigh Philip Uí Fhloinn
Ag tigh Philip an chaibín chaim
Ag tigh mór Uí Mhóirne aníos ó charraic an Mhunomoir
Leis an athchuinge agus an imridhe.
Smaoitigh ar an té nar chur anuraidh
Agus nar bhain i mbliadna.
Atá gan sliocht foghmhair gan buidheann earraigh
Gan comhnuidh gheimhridh.
Gan athair gan mathair gan deirbhshiúir gan dearthair.
Mo bheannachtsa go rabh agaibh-se.
Amuigh agus istigh, i gcloch agus i gcaonach
I sráid nó i gceárdtheach, i bportach agus i léana.
Char mhothuigh sibh an cailín a dtug mise gradh dithe?
Creidim nach n-aithneochadh sibh í
Ach oiread le cailín ar bith eile den chomhursan.
B’fhurust díbh í aithne :-
Cailín íseal, árd, gearr scoth leagantach, fada buidhe

(continues on next page)
Collector
Máirín Nic Grianna
Gender
female
Informant
Tarlach Mac Aoidh
Relation
grandparent
Gender
male
Age
83
Address
Laconnell, Co. Donegal
Language
Irish