School: Leac Chonaill (roll number 14890)
- Location:
- Leac Chonaill, Co. Donegal
- Teacher: Séamus Mac Grianna
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leac Chonaill
- XML Page 342
- XML “Ceithre Críocha Deireanacha an Duine - Bás, Breithiúnas, Ifreann agus Flaithis”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do dhá shúil ghlasa, gan chamadh gan chlaonadh
Nuair a shíntear san uaigh thú casllfidh tú an sgéimh sin
agus ní bhéidh le fághail duit ach snámh do phéisú
Na déan stáit as do bhlath bheag bhréagach
Agus gur taire é na sgáile gan éifeacht.II. An Breitheamhnas
Annsin tiocfaidh aingeal as na flaitheas le sgéala
Béidh trompa mór leis in a láimh dheis agus é da séideadh.
Ag iarraidh ar na mairbh a theacht agus gan stad a dheánadh
Mo léan. Mo thruaigh, is cruaidh an chéim é
Ó Shasainn, ó hAlban agus ó Éirinn
Ón fhrainnc, ón Spáinn go dtí an Éigipt.
An bás da gcur le chéile - is fearr domh a radh in amtheacht
Níl aon treabh faoi chlár na spéire
Nach mbéidh an lá sin i lathair an Dé Mhic
Annsin tiocfaidh Mac na Féile, Íosa Críost ar an Céasaidh
Béidh sluaighte leis ar gach taobh de
Labhairfidh sé de ghlór na céile
"Sibhse lucht na mbeannacht le chéile
A choinnigh mo naomh arine agus a ghéill domh
Nuair a bhí mé nocht chuir sibh orm cúimhdach éadaigh
Nuair a bhí m mo dheoraidh thug dibh biadh teas agus aondheacht domh.
Thug sibh in mainim é do dhaoine bochte bhí follamh agus in éagchracht
Imthigidh sibhse agus glacaimid féarann
Ins na Flaitheis in a aghaidh sin.(continues on next page)- Collector
- Séamus B. Mac Grianna
- Gender
- Male
- Informant
- Paidí na Pingine