Nuair a bhí Ó Domhnaill na Thighearna i nDún na nGall bhí dearthair aige 'na chomhnuidh shíos ins na Rosaibh. Chualaidh sé go rabh an dearthair a bhí ins na Rosaibh tinn claoidhte, agus gur dóiche go rabh an bás air. Mhionnuigh sé go gcuirfeadh sé un báis an chead duine a dinnseochadh do go rabh a dhearthair marbh.
Lá amháin thainic marcach mar theachtaire annsair as na Rosaibh.
“An ó mo dhearthair ins na Rosaibh a thainic tú?” arsa Ó Domhnnaill leis.
“As na Rosaibh a thainic mé cinnte,” arsa an teachtaire.
“Caide mar ta mo dheartháir?”
“Tá sé ina luighe ar shlait a dhroma, taobh da chuid le colbha na leabtha, agus an taobh eile leis an bhalla.”
“Ó, tá sé marbh!” arsa Ó Domhnnaill.
“Is maith gur tú féin adubhairt é,” arsa an teachtaire.
“Is cliste an teachtaire tú,” arsa Ó Domhnaill, “agus ba mhór an truaighe do chur un báis. Agus ma fhanann tú agam congbhuigeochaidh mé thú mar sheirbhiseach le do shaoghal.”
D’fhan an teachtaire mar sheirbhíseach ag Ó Domhnaill agus bhí dóigh mhaith air ó sin go deireadh a bheatha.