School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Leac Chonaill, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 316

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 316

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leac Chonaill
  2. XML Page 316
  3. XML “Seo Scéal Eile a d'Inis Proinsias Ó Gallachobhair Dom”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nuair a bhí Ó Domhnaill na Thighearna i nDún na nGall bhí dearthair aige 'na chomhnuidh shíos ins na Rosaibh. Chualaidh sé go rabh an dearthair a bhí ins na Rosaibh tinn claoidhte, agus gur dóiche go rabh an bás air. Mhionnuigh sé go gcuirfeadh sé un báis an chead duine a dinnseochadh do go rabh a dhearthair marbh.
    Lá amháin thainic marcach mar theachtaire annsair as na Rosaibh.
    “An ó mo dhearthair ins na Rosaibh a thainic tú?” arsa Ó Domhnnaill leis.
    “As na Rosaibh a thainic mé cinnte,” arsa an teachtaire.
    “Caide mar ta mo dheartháir?”
    “Tá sé ina luighe ar shlait a dhroma, taobh da chuid le colbha na leabtha, agus an taobh eile leis an bhalla.”
    “Ó, tá sé marbh!” arsa Ó Domhnnaill.
    “Is maith gur tú féin adubhairt é,” arsa an teachtaire.
    “Is cliste an teachtaire tú,” arsa Ó Domhnaill, “agus ba mhór an truaighe do chur un báis. Agus ma fhanann tú agam congbhuigeochaidh mé thú mar sheirbhiseach le do shaoghal.”
    D’fhan an teachtaire mar sheirbhíseach ag Ó Domhnaill agus bhí dóigh mhaith air ó sin go deireadh a bheatha.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Mac Grianna
    Gender
    Male
    Informant
    Proinsias Ó Gallachobhair
    Gender
    Male
    Address
    Leac Chonaill, Co. Donegal