Lá amháin thainic fear bocht go Caislean Dhún na nGall ag iarraidh déirce. Ní rabh an Dálach a bhí sa chaisleann san am sin an déirceamhail. In áit deirce a thabhairt de'n fhear bhocht sé'n rud a thoisigh sé ag caitheamh mine amach san lán mara.
Sheasuigh an fear bocht tamall ag amharc air agus annsin dubhairt sé:-
"Muna bhfuil níos mó mine agat na tchidhim tá eagla orm go mbéidh brochan lom agat."