1. Amhran a fuair mé ó bhéal Eibhlín Bean MhícChonaill, (Nellie Bheag)
“Seán Bharr a Ghleanna”, a thug sí mar ainm air.
I
Ag éirigh damhsa ar maidin, chualaidh mé’n uam da casadh
Grian an tsamhraidh ‘lasadh blath binn na n-éan
Ní shinfead taobh ar leabaidh ó neóin arís go headradh
Cuir siúcra ar uisge bheatha ‘gus mo mhuirnín da ól.
II
Thóg mé suas an leanbh, suas go tigh an leanna,
Gur shín mise ar an leabaidh í ‘sgur labhair mé léi i gcéill
Stad do do chúrsaí feasta a Sheáin Bharr a’ Ghleanna
‘S iomaidh cailín deas a mheall tú le linn do shaoghail.
III
Rachfaidh mé go Gaillimh ag éisteacht leis na seanaibh
‘Náit a bhfuil mná óga farsaing, tigh high colour orthu ‘s scéimh
Ní phillfidh mé na bhaile go n-goirfid cuach an earraigh
Béidh fear eile ag Fanny i ngleann dithe féin.
IV
‘Nois atá mé follamh, ‘gus gan dhá phighinn agam le cathadh
Mo chupla gamhain breac ‘gus mo chú le mo thaobh
Béidh mé féin ar maidin ag creamhair na ngob fada
Go dtigidh crúbaí ar an choll agus blath ar an éidhean.