School: Leac Chonaill (roll number 14890)

Location:
Laconnell, Co. Donegal
Teacher:
Séamus Mac Grianna

Filter stories

Back
/ 454 Forward
Resolution: Low | High
Amhrán - Casadh an tSúgáin

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 303

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

1. Amhrán ó bhéal Eibhlín Bean Mhic Cónaill, "Casadh an tsúgain," a thug sí mar ainim ar an amhran.

Shiar i ngaillimh a fuair mé eolas ar na mná,
'S i mbéal athá Seanaigh a d'ól mé leobhtha mo sháith
Dar bhrigh mo mhaige mar leigthi sibh damhsa anois mar atáim
Dheánfadh cleas a rachfas a rún ar a lán.
B'fhurust damh aithne ar bhaint na luachra damh indé.
Go dtug mo mhuirnín muirneach fuath mór damh féin.
Ní triomaide damhsa mé nó ualach mór s cionn croidh
'S is minic a bhain duine 'n tslait a bhuailfeadh é féin.
'S och, agus och, agus osna fríd mo lár.
Buaidhreadh ban a d'fhag comh claoidte seo mé.
Mo lámh ar a brollach geal 's mé pógadh a béil
Sin uaigh mo leabaidh 'chailín agus sháruigh tú mé.
Cuirim, bainim, craithim síol coirce craobh
Sheolfainn na ba an áit is úire a mbíonn féar
Chuirfinn cruth ar an each a ba deise shiúbhall an saoghal
D'éalaigh bean le fear nach ndeánfadh sin féin
'S da mbéadh spré ag an chailín is deas a phosfaidh 'rú í
Níl, faraor, no ag an té udaí ar córtha do é
Mar tá nighean na cailligh' giobaighe 's airde chuaigh i gcéim
'S gach óige deas gan fios cé shiúbhálfas le na taobh

(continues on next page)
Collector
Séamus Mac Grianna
Gender
male
Informant
Eibhlín Bean Mhic Chonaill, local name Nellie Bheag
Gender
female
Age
75
Address
Laconnell, Co. Donegal
Language
Irish