School: Lougheraherk (roll number 12118)

Location:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
Teacher:
Máire Nic Ceannfhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 234

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 234

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lougheraherk
  2. XML Page 234
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí sean bhean ann aon uair amháin agus is fad ó bhí. Bhí sí ag sguabadh urlár a' tighe lá amháin agus is cosamhail go bhfuair sí reul ins an t-salachar.

    (continued from previous page)
    Chuaidh an t-sean bhean fá choinne na bó agus d’iarr sí deoch bhainne uirthi fa choinne an chait.
    “Bhéarfaidh mé bainne duit”, arsa’n bhó má bheir tú uchtán féir chugam as an chruaich udaí thall”.
    Chuaidh an t-sean-bhean go dtí an chruaich, thug sí léithe uchtán féir agus thug do’n bhoin é. Annsin do thug an bo braon bainne dí, agus thug an t-seanbhean do’n chat é.
    Ligh an cat an bainne, agus annsin thoisigh sé ag marbhadh an Fhranncaigh; thoisigh an Fhranncach ag geárradh an súgáin; thoisigh an súgán ag crochadh an bhúisteóra; thoisigh an búisteóir ag marbhadh an daimh; toisigh an damh ag ól an uisce; thoisigh an t-uisce ag múchadh na teineadh; thoisigh an teine ag dóghadh an bhata; thoisigh an bata ag buaileadh an mhadaidh; thoisigh an madadh ag baint greama as an mhuic. Sgánnruigh an mhuc agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Ceannfhaola
    Gender
    Female
    Informant
    Anna de Búrc
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Cruach an Chuilinn, Co. Donegal