School: Lougheraherk (roll number 12118)

Location:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
Teacher:
Máire Nic Ceannfhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lougheraherk
  2. XML Page 231
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí sean bhean ann aon uair amháin agus is fad ó bhí. Bhí sí ag sguabadh urlár a' tighe lá amháin agus is cosamhail go bhfuair sí reul ins an t-salachar.

    (continued from previous page)
    mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht”.
    Ach ní mhúchfad an t-uisce an teine agus d’imthigh an t-sean bhean léithe gur casadh damh oirthi.
    “A dhaimh”, ar sise, “ól an t-uisce; ní mhúchfaidh an t-uisce an teine; ní dhóighfidh an teine an bata; ní bhuailfidh an bata an madadh; ní bhainfidh an madadh greim as an mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht”.
    Ach ní ólfadh an damh an t-uisce agus ghread an t-sean bhean léithe arís gur casadh búistéir uirthi.
    “A bhúistéir”, ar sise, “marbhuigh an damh; ní ólfaidh an damh an t-uisce, ní mhúchfaidh an t-uisce an teine; ní dhóighfidh an teine an bata; ní bhuailfidh an bata an madadh; ní bhainfidh an madadh greim as an mhuic; ní rachaidh an mhuc thar an chlochán agus ní thig liom a dhul abhaile anocht.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT2030: The Old Woman and her Pig
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Ceannfhaola
    Gender
    Female
    Informant
    Anna de Búrc
    Gender
    Female
    Age
    60
    Address
    Cruach an Chuilinn, Co. Donegal