School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 217
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Chuaidh Murchadh Beag agus Murchadh Mór amach lá amháin ag bhainnt sughcraobh. An méid a bhain Murchadh Mór thug sé do Mhurchadh Beag iad le cur i dteaisgidh.”
(continued from previous page)“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa na buailteóiri.
“Buailteóir a bhéarfadh sopóg arbhair do bhoin, bó a bhéarfadh braon bainne do chat, cat a ruaigfeadh luchóg, luchóg a scríobfadh im, im do chosa’ gadhar, gadhar a ruaigfeadh fiadh, fiadh a shnámhfadh uisce, uisce a fhliuchfadh cloch, cloch a líomfadh tuagh, tuagh a bhainfeadh slat, slat a sgiúrfadh Murchadh Beag go géar, géar, mar d’ith sé mo chuid sughcraobh aréir”.
Cá dtugann sinne a’n t-sopóg arbhair dhuit, arsa na buailteóiri go bhfuig tú bunnóg aráin ó mhná an aráin sin thall.
Chuaidh sé fhad le mná na aráin annsin.
“Cá bhfuil tú ag dul?” arsa na mná.
“Mná a bhéarfadh bunnóg aráin do bhuailteóir, buailteóir a bhéarfadh sopóg arbhair do bhain, bó a béarfadh braon bainne do chat, cat a ruaigfeadh luchóg, luchóg a sgríobfadh im, im(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Mac g Ceannfhaele
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- Cill Fhathnaid, Co. Donegal