School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 208
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.”
(continued from previous page)D’fhiafruigh sí do cia fhad a bhí a thriall anocht. D’innis sé díthe go rabh sé ar lorg na giorrsaighe a bhí ag caitheamh na bróige a bhí in a láimh.
“Bhal”, arsa’n t-sean bhean, “tá fhios agam-sa cia h-áit a bhfuigh tú an ghiorrsach sin: Siubhal leat, agus na gabh anonn nó anall go rabh tú ag a leitheid seo de theach - ag innse do an áit a rabh an teach agus an bealach a bheirfeadh ann é. Nuair a thug an-leas-mhathair fa dear é ag tionntughadh aníos bealach a’ toighe chuir sí íochtar an trunnca ar a cuid inghineacha fhéin. Bhí an dílleachta bocht in a suidhe sa chlúdaigh agus gan uirthi ach na bratóga. Nuair a tháinig seisean isteach rinne an leas-mháthair forbhfailte mór roimhe. Annsin d’amharc sé thall agus i bhfas ar na giorrsachai uilig agus fa dheireadh chuaidh sé fhad leis an dílleachta agus dubhairt sé léithe :
“An tusa chaill an bhróg ag geafta thoigh’ an phobail Dia Domhnaigh seo a chuaidh thart?”
“Is mé, go dearbhtha”, ar sise.(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Mac Giolla Easbuig
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Mín na Saileach, Co. Donegal