School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 207
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.”
(continued from previous page)i nganfhios mar bhéadh eagla uirthi go bhfeicfidh í. Bhí a leas-máthair agus a cuid leas-deirbhsiúracha ag teacht amach in a diaidh agus a gcinn tógtha in áirde go h-uaibhreach aca. Bhí mac an Riogh in a sheasamh ag an doras ag breatniughadh ortha do réir mar bhí siad ag teacht amach. Thug an dilleachta giorrsaighe iarraidh theacht thart ar a chúl ar eagla go bhfeicfeadh sé í, ach fuair sé a shúil oirthí, agus thug sé iarraidh í a leanamhaint le ceileabhar a chur oirthi. Ach sul ma dteachaidh aige fághail fhad cainnte léithe, bhí an rópa sgaoilte aici-se agus thug léim suas ar an chliobóg.
Shín seisean a lámh ag saoilstín go bhfuigheadh sé greim láimhe uirthi, ach caidé a fuair sé greim air ach ar an bhróig do bhí ar a cois, agus bhí an bhróg leis, in a laimh. Dubhairt sé annsin nach bpósfadh sé a’n bhean go bráthach ach an bhean a d’fhóirfeadh an bhróg díthe. Bhí sé ag siubhal thart annsin feuchailt an bhfuigheadh sé bean ar bith a rabh bróg de’n chineal céadna aicí. Casadh an t-sean bean bacach seo dó tráthnóna amháin go h-an mhall.(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Mac Giolla Easbuig
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Mín na Saileach, Co. Donegal