School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lougheraherk
- XML Page 205
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.”
(continued from previous page)ghnáthach léithe a dheánamh i gcomhnuidhe.
Shuidh sí ins an t-sean áit a mbíodh sí ann i dtólamh agus thúsaigh sí ag smaoitiughadh ar an chaora dhubh a bhí marbh agus a bhí ‘na ceann comh maith sin díthe agus thoisigh sí ag caoineadh go truaghcánta a’s go craidhte. Le sin fhéin tchídh sí sean-bean bhacach a rabh bata léithe in a láimh ag tarraingt aniar chuici as faoi chreig a bhí ann. Bheannuigh an t-sean bhean díthe agus arsa sise.
“A thaisce ‘s a stór, caidé an fáth a bhfuil tú ag caoineadh”?
“Bhal, innseochaidh mé sin dhuit”, arsa’n ghirrseach, ag túiseadh agus ag innse dí fa’n chaoraigh.
Bhal, is mise an chaora sin, arsa’n t-sean bhean, agus bhéinn mo chailín óg murab é gur sgiob an madadh ceann de na cosa, ach anois tá mé ‘mo shean-bhean creapailte le mo shaoghal. An bhfuil fhios agat, ar sise, caidé a dheánfas tú Dia Domhnaigh seo chugainn. Tá, “nuair a imtheóchas an mhuinntir eile uilig ‘un aifrinn ar an chóisde tabhair thusa leat(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Mac Giolla Easbuig
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Mín na Saileach, Co. Donegal