School: Lougheraherk (roll number 12118)

Location:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
Teacher:
Máire Nic Ceannfhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 204

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 204

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lougheraherk
  2. XML Page 204
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.

    (continued from previous page)
    Ó arsa’n girrseach, “níl mé i n-innibh a’n dath a ithe indiu le buaidhreadh agus le cumhaidh go bhfuil tú ag dul m’fhágail”. Ó, ith do sháith, arsa’n chaora, b’féidir go mbéadh aríst ann”.
    D’ith sí beagán beag de’n bhiadh ach ní thiocfadh léithe morán a ithe, ach í ag caoineadh go cráidhte.
    “Bhal, anois”, arsa’n chaora, tá mé ag imtheacht uait. Ach an bhfuil fhios agat caidé a dheánfas tú, “Nuair a bhéas mé marbh ag d’athair ar an tráthnóna seo agus nuair a bhéas sé ag feannadh an croicinn díom, bhí thusa cinnte a bheith do shuidhe ag na thaoibh agus cuir na ceithre cosa isteach ins an croiceann, cas é agus fág ‘na luighe é ag taoibh na cloiche móire atá taobh thíos thiar dein teach”.
    Rinne sí seo ach dá bhárr ar an mhio-fhortún, tháinig madadh thart agus sgiob sé ceann de na cosa a bhí ins an chroiceann sul ar mhothuigh sí. Ar maidin láthair na - bhárach d’imthigh an dílleachta ‘na chnuic mar ba
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Ceannfhaola
    Gender
    Female
    Informant
    Pádraig Mac Giolla Easbuig
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Mín na Saileach, Co. Donegal