School: Lougheraherk (roll number 12118)

Location:
Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
Teacher:
Máire Nic Ceannfhaola
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 200

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1047, Page 200

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lougheraherk
  2. XML Page 200
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.

    (continued from previous page)
    chnoc, Thigeadh an ghiorrsach a bhaile nuair a bhíodh an oidhche dhubh ann agus go minic í fliuch, fuar, cughnailte. Ach ba chuma, bhí sí ag bisiughadh sa chruth nach rabh a’n chailín eile ins an áit a bhí comh bréagh nó comh doigheamhail léithe. Ní rabh fhios ag an leas-mháthair caidé’n dóigh faoí’n Righ a rabh sí a deánamh a leithéid de chailín bhréag le taoibh a cuid ingeanach féin mar bhí fhios aicí in a croidhe istoigh an droch bheart a bhí sí ag imirt uirthi. Smaoitigh sí go gcuirfeadh sí bean dá cuid ingeanach féin leithe ‘na chnuic, agus chuir. Níor bh’fada sa chnoc iad gur thoisigh sé ag cur fearthanna agus thuit a inghean fhéin in a codladh. Nuair a fuair an chaora dhubh in a codladh í tháinig sí fhad leis an dílleachta giorrsaighe, spréid an t-éadach roimpi, agus tháinig an uile chineal bidh ar an éadach. D’ith sí agus d’ól sí a sáith de’n uile chineál. Chruinnigh an chaora dhubh an t-éadach agus d’imtigh sí leithe má rinne sí gach aon uair roimhe sin. Nuair a bhí sé i n-am
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Nic Ceannfhaola
    Gender
    Female
    Informant
    Pádraig Mac Giolla Easbuig
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Mín na Saileach, Co. Donegal