School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dearbhráthair an bhaoghailigh agus é in a shaghart. Chuaidh sé isteach ‘un toighe agus ní bréag a rádh nach rabh fáilte roimhe.
Annsin d’fhiafruigh an sagart d’á dheárbhrathair ciarbh’í an bhean a bhí aige. Dubhairt an dearbhráthair gurab í a bhean fhéin í agus gurab í inghean an mhinistir í fosda. Rinneadh réidh tráth bidh fá n-a choinne agus nuair a bhí a chuid deánta aige thionntuigh sé an bhean óg chun an chreidimh fíor.
D’innis siad do’n t-sagart annsin go rabh súil aca cuairt a thabhairt ar an mhinistir lá - thar - na - bhárach, agus chuaidh. Tharla gurab í an Aoine a bhí ann lá - thar - na - bhárach agus bhí pota mór feola ar an teinidh ag bean an mhinistir fa choinne an dinneára. Nuair a shroich siad an teach bhí fearadh na fáilte rompa. Bá ghoirid gur túiseadh ag deánamh réidh an dinnéir agus bhí bean an ministir ag cainnt ar an fheoil mhaith a fuair sí fa choinne na h-ócaide. Cualaidh an sagart iad ag cainnt ar seo agus chuaidh sé suas fhad leis an phota agus d’amharc isteach ann.(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ua Breisleáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- An Srath Buí, Co. Donegal