School: Lougheraherk (roll number 12118)
- Location:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Teacher: Máire Nic Ceannfhaola
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sa stábla agus ar a theacht isteach dó tchíd sé litir mhór scríobhtha ar an tábla. Bhí cunntas ins an litir gur imthigh an dearbhrathair le bheith ‘na shagart agus go dteachaidh an deirbhsiúir ins na mná riaghalta. Ó seo amach bhí sé leis fhéin ach ní rabh caill no anás ar bith air.
Seachtmhain in a dhiaidh seo chuaidh sé a dh’amharc ar inghean an ministir arís. Nuair a shroich sé an teach tháinig sé anuas de’n bheathadhach. Nuair a tháinig sé ‘un talaimh tháinig an cailín amach as an toigh agus chuir sí fáilte roimhe. D’iarr sí air theacht isteach agus suidhe agus go gcuirfeadh sí fhéin an beathadhach sa stábla agus chuir. Nuair a chuaidh sé isteach bhí an ministir agus a bhean ‘na suidhe ag an teinidh, eisean ag leigheamh leabhair agus a bhean ag scríobhadh litre. D’éirigh siad in a seasamh agus chuir siad foradh na fáilte roimh an strainnséir.
Ar thoradh moille tháinig an inghean isteach agus d’innis sí do na h-athair ciarbh’é an strainnseir agus cár b’as(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Ceannfhaola
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ua Breisleáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- An Srath Buí, Co. Donegal